28/01/2026
Bí cinnte do chóip féin a fháil de na húrscéalta is úire ón nGúm, leabhair atá ar maos le heachtraíocht agus scéalta spreagúla, agus iad in oiriúint do dhéagóirí agus daoine fásta araon. 📚
Scéal loinneach a thugann aghaidh ar cheisteanna ábhartha ár linne, foilsíodh an t-úrscéal Eachtraí Saíd ag deireadh na bliana seo chaite agus ard-mholadh faighte ag an leabhar agus an t-aistritheoir Róisín Sheehy cheana. Is scéal é seo faoi chruachás an imircigh. Teitheann Saíd thar farraige ó ainnise a thíre féin. Tar éis turas crua, sroicheann sé an Spáinn. Agus é in Barcelona, faigheann sé amach gur géire an ciníochas ná an bhochtaineacht féin. Bíonn ar Saíd aghaidh a thabhairt ar an saol mar imirceach mídhleathach agus fhoréigean na maolcheann. Don imirceach óg, is eachtra é an saol agus é lán de sholas agus scáth. ❤️
Ó pheann Chathal Uí Shándair, seo chugainn arís dhá eagrán nua ón tsraith mhórchlúiteach Eachtraí Réics Carló. Isteach sa bhearna bhaoil arís leis an lorgaire cáiliúil Réics Carló sa dhá leabhar is úire An Corpán sa Trunc agus Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh agus é ag iarraidh muintir na hÉireann a choinneáil slán óna naimhde. Curtha in eagar ag Róisín Adams d’aos óg an lá inniu, tá eachtraí an bhleachtaire an oiread céanna spreagúil agus bríomhar do dhéagóirí na linne seo, agus a bhí tráth a fhoilsithe. 🕵️♂️