Gaelscéal

Gaelscéal Tá Gaelscéal an nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar fáíl sna siopaí gach Céadaoin. Ireland's Irish language weekly newspaper is in the shops every Wednesday

Síle Ní Bhraonáin  “Dúin an doras!”, a dúradh linn go minic. Ach bá chuma cé mhéid uair a dúnadh an doras, d’oscail cean...
03/03/2013

Síle Ní Bhraonáin



“Dúin an doras!”, a dúradh linn go minic. Ach bá chuma cé mhéid uair a dúnadh an doras, d’oscail ceann eile gan mórán achair. Fós féin, nuair a bhíonn deireadh ag teacht le ré amháin agus an doras á dhúnadh go buan, éiríonn muid míchompordach mar go mbíonn a fhios againn go bhfuil cúl a thabhairt againn dó don uair dheireannach agus muid ag fágáil slán le tréimhse ina raibh go leor le foghlaim agus aithne curtha againn ar dhaoine nua gan trácht ar an sásamh a bhain muid as an saothar ....

Gaelsceal - national irish language newspaper

Eoghan Ó NéillSlán leis an sean. Fáilte roimh an úr.Sin an dearcadh a bhí riamh agam maidir le nuachtáin Ghaeilge. Cosúi...
02/03/2013

Eoghan Ó Néill

Slán leis an sean. Fáilte roimh an úr.
Sin an dearcadh a bhí riamh agam maidir le nuachtáin Ghaeilge.

Cosúil le gach gné eile den saol caithfidh iriseoireacht chlóite na Gaeilge a bheith de shíor a athmhúnlú agus a athchruthú féin. Agus bíonn pianta fáis i gcónaí ann. Ná bíodh aon mhíthuiscint faoi, beidh cumha orm i ndiaidh Ghaelscéal. Cumha mór. Faoi mar a bhí cumha orm nuair a d’imigh Lá Nua agus Foinse (mar a bhí), Anois agus Cuisle, Amárach, agus go háirithe Inniu. Ní raibh iontu ar fad, áfach, ach feithiclí, cuid acu níos fearr ná a chéile, a thugamar céim eile ar aghaidh san iarracht chun nuacht-seirbhís cheart Ghaeilge a bheith againn i bhfoirm chlóite.

Gaelsceal - national irish language newspaper

Pól Mac Cana ar iarrachtaí ‘Biodiversity Ireland’ chun dúlra na hÉireann a thaifeadadh   Tá eolas le bailiú amuigh ansin...
02/03/2013

Pól Mac Cana ar iarrachtaí ‘Biodiversity Ireland’ chun dúlra na hÉireann a thaifeadadh


Tá eolas le bailiú amuigh ansin a chuirfeadh go mór le leas an phobail, ach nach mbeidh an rialtas nó na hollscoileanna in ann a mhaoiniú nó a bhailiú ina iomláine go deo. Is é sin eolas ar an bhithéagsúlacht ar an oileán seo – eolas ar na lusanna agus ar na hainmhithe sa tír: cad é atá amuigh ansin agus cá bhfuil siad go díreach.

Gaelsceal - national irish language newspaper

Colm Ó Broin Tá an-éiginnteacht agus éagsúlacht ag baint le díolacháin nuachtán Gaeilge in Éirinn. Ní leis na nuachtáin ...
01/03/2013

Colm Ó Broin

Tá an-éiginnteacht agus éagsúlacht ag baint le díolacháin nuachtán Gaeilge in Éirinn. Ní leis na nuachtáin Ghaeilge amháin a bhaineann an éiginnteacht seo, áfach, ach le gach foilseachán ar domhan nach mór.


Bíonn nuachtáin beo ar fhigiúirí díolacháin chun fógróirí a mhealladh nó lucht bronnta deontas a shásamh. Mar sin, téann go leor acu i muinín seifteanna agus iad ag iarraidh an chuma is fearr ar a chur ar na figiúirí.

Mar shampla, d’admhaigh an ‘Chicago Sun-Times’, an ‘Dallas Morning News’ agus nuachtáin eile i SAM in 2004 go raibh siad tar éis áibhéal a dhéanamh ar na figiúirí díolacháin a chur siad ar fáil don Audit Bureau of Circulations (ABC).

Gaelsceal - national irish language newspaper

Colm Ó Broin ar na páipéir Ghaeilge a d’imigh romhainn Nuachtán Gaeltachta a bhí in ‘Amárach’. Bhí cúpla leagan den fhoi...
01/03/2013

Colm Ó Broin ar na páipéir Ghaeilge a d’imigh romhainn

Nuachtán Gaeltachta a bhí in ‘Amárach’. Bhí cúpla leagan den fhoilseachán i gcló ó na 1950í ar aghaidh de réir Sheosaimh Uí Chuaig a bhí ina eagarthóir air sna 1970í. Bhí Paul Drury ina eagarthóir ar an nuachtán nuair a stop Roinn an Gaeltachta an deontas a bhíothas a chur ar fáil dó in 1983.

Léirigh Airí rialtais imní faoi dhul chun cinn an nuachtáin i rith an ama. I Márta 1977, dúirt an tAire Gaeltachta, Tom O’Donnell (FG), sa Dáil go raibh cruinniú aige leis an mbord stiúrtha chun plé a dhéanamh ar “cuid mhaith fadhbanna atá acu agus conas is fhéidir iad a réiteach.”

Gaelsceal - national irish language newspaper

Máirtín Ó Catháin Feictear do Leasuachtarán Fhianna Fáil, Timmy Dooley, go bhfuil an bhearna idir pholasaithe eacnamaíoc...
01/03/2013

Máirtín Ó Catháin


Feictear do Leasuachtarán Fhianna Fáil, Timmy Dooley, go bhfuil an bhearna idir pholasaithe eacnamaíochta a pháirtí féin agus polasaithe eacnamaíocht Shinn Féin rómhór faoi láthair le go mbeifí ag trácht ar cheangal Rialtais idir an dá dhream. “Ach,” a deir an Teachta Dooley, “tá athruithe móra tagtha ar pholasaithe Shinn Féin ar bhealaí eile le deich nó cúig déag de bhlianta; d’fhéadfadh sé go mbeadh athruithe eile fós ar pholasaithe eile dá gcuid ach sin gnó do Shinn Féin,” arsa Timmy Dooley.

Gaelsceal - national irish language newspaper

Léirmheas le Panu Petteri Höglund Arthur Conan Doyle: Cú na mBaskerville.Nioclás Tóibín a d'aistrigh, Aibhistín Ó Duibh ...
01/03/2013

Léirmheas le Panu Petteri Höglund

Arthur Conan Doyle: Cú na mBaskerville.
Nioclás Tóibín a d'aistrigh, Aibhistín Ó Duibh a chuir in eagar. Léaráidí le Sidney Paget.
Evertype, Cathair na Mart 2012


Tá ceist na n-aistriúchán Gaeilge ar leabhair Bhéarla ina cúis mhór conspóide i measc na nGael, rud atá le léamh ar an tuarascáil a tháinig ó pheann Anna Heussaff cúpla bliain ó shin. Bíonn ráchairt mhór ar aistriúcháin den tsaghas sin, ós maith lens lán na húrscéalta Béarla is fearr leo a athléamh i dteanga na sinsear.

Ón taobh eile de is minic a bhíos leabhair Bhéarla á dtiontú ag daoine nach bhfuil a scileanna Gaeilge in aon chóngar dá gcuid Béarla, rud a fhágas an-lorg ón mbunteanga ar an nGaeilge. Mar sin ní féidir gach leabhar acu seo a mholadh don fhoghlaimeoir.

Gaelsceal - national irish language newspaper

SAOR - Íoslódáil an Gaelscéal deireanach!
01/03/2013

SAOR - Íoslódáil an Gaelscéal deireanach!

Please click to launch this digital edition.

John Allen An deireadh seachtaine seo, ó thaobh na hiománaíochta de, tá an bhéim go léir ar na coláistí tríú leibhéal ag...
28/02/2013

John Allen

An deireadh seachtaine seo, ó thaobh na hiománaíochta de, tá an bhéim go léir ar na coláistí tríú leibhéal agus na craobhacha go léir ar siúl i nGaillimh.

Is trua nach bhfuil ceann de choláistí na Gaillimhe páirteach i gcluichí leathcheannais Mhic Giobúin, (ó thaobh slua de), ach cibé rud é, bí cinnte de nach mbeidh aon easpa fuinnimh sna cluichí sin ....

Gaelsceal - national irish language newspaper

Conall Ó MóráinTar éis an bhua a bhí ag foireann na hAlban ar fhoireann na hÉireann sa rugbaí ar an Domhnach bhí díomá m...
28/02/2013

Conall Ó Móráin

Tar éis an bhua a bhí ag foireann na hAlban ar fhoireann na hÉireann sa rugbaí ar an Domhnach bhí díomá mhór orm mar a bhí, is dóigh, ar aon duine a chonaic an cluiche.

Bhí sé bocht, lofa. Ach, cé gur chuir cailleadh an cluiche isteach go mór orm is ina dhiaidh sin a bhí mé go hiomlán ar buile. B’shin nuair a bhí orm (is dóigh nach raibh orm) éisteacht le George Hook agus é ag gearán faoi bhainisteoir fhoireann na hÉireann, Declan Kidney.

Tá fhios ag cách go bhfuil jab le déanamh ag ‘Hooky’ mar is maith leis go dtabharfaí air. Rud amháin atá cinnte faoi George ná nach bhfuil sé leamh – rud gur trua atá fíor faoin chuid is mó do na hiarimreoirí a bhíonn ar an bpainéal teilifíse le Hook ....

Gaelsceal - national irish language newspaper

Address

An Chuasnóg, Baile Ard, An Spidéal
Gaillimh

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Gaelscéal posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Share

Category